Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an AE maidir le tíortha áirithe a ailíniú maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis
Chinn an Chomhairle bearta sriantacha breise a ghlacadh mar fhreagairt ar rannpháirtíocht na Bealarúise in ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
Na Tíortha is Iarrthóirí An Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró agus an Albáin[2], tír an Phróisis Cobhsaíochta agus Comhlachais agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin is iarrthóir ionchasach, agus na tíortha CSTE an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, atá ina gcomhaltaí den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, a ailíniú leis an gCinneadh seo ón gComhairle.
Áiritheoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh seo ón gComhairle.
Tugann an tAontas Eorpach an gealltanas sin dá aire agus fáiltíonn sé roimhe.
An 2 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/356 ón gComhairle[1] lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle.
[1] Arna fhoilsiú an 02.03.2022 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh uimh. L 67, lch.103
[2] Leanann an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró agus an Albáin de bheith ina gcuid den Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais.