Inniu, d’fhormhuinigh an Grúpa Euro moladh ó bhallstáit an limistéir euro don Chomhairle. Chomhaontaigh na hAirí leis an gCoimisiún Eorpach agus leis an mBanc Ceannais Eorpach measúnú dearfach ar chomhlíonadh na gcritéar um chóineasú ag an gCróit. Moltar sa mholadh gur cheart don Chróit an euro a thabhairt isteach an 1 Eanáir 2023. Is é seo an chéad chéim i bpróiseas trína nglacfaidh Comhairle an AE gníomhartha dlí a a chumasú don Chróit a bheith ina ball den limistéar euro agus leas a bhaint as ár n-airgeadra coiteann, an euro, a úsáid ón mbliain seo chugainn.
Tá an-áthas orm a fhógairt gur chomhaontaigh an Grúpa Euro inniu go gcomhlíonann an Chróit na coinníollacha uile is gá chun an euro a ghlacadh. Is céim ríthábhachtach í seo ar chonair na Cróite chun bheith ar an 20ú ball dár limistéar euro agus comhartha láidir do lánpháirtiú na hEorpa. Ba mhaith liom ómós ar leith a thabhairt do rialtas na Cróite as a thiomantas agus a dianobair chun an toradh seo a bhaint amach le blianta beaga anuas, i gcúinsí fíordhúshlánacha.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Na chéad chéimeanna eile
Tá an moladh seo le glacadh ag Comhairle Ecofin (trí vóta tromlaigh cháilithe de chuid Bhallstáit an limistéir euro) ag a cruinniú an 17 Meitheamh 2022. Táthar ag súil go bhformhuineoidh an Chomhairle litir ó Uachtarán Chomhairle Ecofin chuig an gComhairle freisin. An Chomhairle Eorpach. Pléifidh an Chomhairle Eorpach an t-ábhar ag an gcruinniú a bheidh aici an 23-24 Meitheamh.
Tiocfaidh an próiseas i gcrích nuair a ghlacfaidh an Chomhairle (tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach) trí ghníomh dhlíthiúla is gá chun a chumasú don Chróit an euro a thabhairt isteach an 1 Eanáir 2023. Táthar ag súil go nglacfar na gníomhartha sin le bheith ar siúl i mí Iúil.